← Tá daoine ann a deir gur tharla a leithéid seo riamh anall agus nach bhfuil ann ach go gcloisimid níos mó faoi na laethanta seo de bharr na réabhlóide atá tagtha ar chúrsaí cumarsáide. 🔊
← Séanann na daoine seo go bhfuil aon athrú bunúsach ag teacht ar an aeráid nó má tá, gur feiniméan nádúrtha é nach bhfuil aon neart againn air. 🔊
← Ní hé seo an scéal atá ag formhór mór na saineolaithe aimsire agus aeráide, áfach. 🔊
← Ní shéanann siad gur tháinig agus go dtagann athrú ar an aeráid ach na hathruithe a thógadh cúpla céad bliain nó cúpla míle bliain, tá siad ag tarlú anois in achar an-ghearr, achar fiche bliain nó níos lú. 🔊
← Tá sé seo ag tarlú ó thús na réabhlóide tionsclaíochta nuair a thosaigh na monarchana móra ag dó breosla iontaise chun a gcuid táirgí a chruthú. 🔊
← Níl aon deireadh le líon na gcarranna atá ar na bóithre againn ná le líon ná n-eitleán a thagann agus a imíonn ó na haerphoirt. 🔊
← Anuas air sin tá an meatán atá ag teacht ó na hainmhithe (agus ó na daoine, go deimhin) ag cur leis an bhfadhb. 🔊
← Tarlaíonn athruithe gan choinne agus baintear siar as na saineolaithe is fearr amuigh uaireanta. 🔊
← Táthar á thuar go n-ardóidh leibhéal na farraige le go mbeidh na machairí agus na tránna breátha atá anois againn faoi uisce. 🔊